Maidin Luan Chincíse
- Karan Casey (2005)You are listening to the song Maidin Luan Chincíse by Karan Casey, writer by Traditional in album Ships In The Forest. The highest quality of audio that you can download is flac . Also, you can play quality at 32kbps, view lyrics and watch more videos related to this song.
Lyrics
Maidin Luan Chincíse labhar an síofra sa ngleann
Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dheanamh ann
Do chruinníomar ina dtimpeall is do lasamar ár dtinte
Is do thógamar ceo draíochta go haoibheann ós a gceann.
Is mó baile margaidh is cathair aoibhinn cheoil
Agus cúirt agus na Sasanaigh chun seasamh ann 'n ár gcomhar
Beir scéala cruinn abhaile uainn Dé Domhnaigh go dtí an Aifreann
Gur chun sléibhe a chuireadh chun realta sinn 'n ár seasamh ins an gleo.
Do tháinig aniar ó Chonnacht chughainn céad is mile laoch
An oiread céanna ó Ulaidh chughainn i bhfoirm cheart 'is i bhfaobhar
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh gur bhuaileamar bualadh 'is fiche orthu
Mo léan mar sileadh fuil 'is coirp ár bhfear i ndeireadh lae.
Beir scéala suas chun Mumhan uainn a run ghil 's a stór
Agus inis an scéal faoi chumha dhóibh go bhfuil an sciúirse 'nár gcomhar
Is mó leanbh fireann fionn geal agus ainnir mhilis mhúinte
Is ógfhear cliste lúfar san úir uainn ag feo.
Mo léan ar an Mumhain nár éirigh nuair d'adhnamar an gleo
Faoi airm ghreanta ghreadhnmhar i bhfagairt acu 'nár gcomhar
D'fhágadar go tréith sinn is neart ár namhad 'nár dtimpeall
Ach grá mo chroí na Laighnigh b'iad d'adhain an tine leo.
Recent comments